DÁMA CHNOC MHUIRE
TG4 - Cogar
Duration: 25 mins

Léiriú de chuid Esras le haghaidh TG4
to be broadcast on Sunday 23rd December 2007 at 21.30


DÁMA CHNOC MHUIRE
 
Cé gur minic a luaitear An Canónach James Horan le Scrín Chnoc Mhuire, caitheann an Cogar seo súil ar bhanlaoch eisceachtúil Chnoc Mhuire - An Dáma Judy Coyne. Siar sna 1930í , nuair nach raibh mórán eolais ag daoine mar gheall ar an scrín a chuir Judy, maraon lena fear céille Liam, suim sa scrín i dtosach. Chaith sí formhór a saoil ag iarraidh Scrín Mhuire a fhorbairt agus í a chur chun cinn. Maidin Domhnaigh sa bhliain 1964, bheartaigh sí go mba chóir don Phápa cuairt a thabhairt ar Éire.

Rugadh Judy Coyne (nee Begley) i gClár Chloinne Mhuiris sa bhliain 1905, agus b'í an leanbh ab óige í as clann aonar déag. Phós sí an Breitheamh Dúiche Liam Coyne sa bhliain 1924, agus tar éis dóibh mí na meala a chaitheamh i bPáras d'fhilleadar ar Theach Bridgemount, in aice le Béalcarra, mar a raibh saol compórdach aici le héadaí gallánta, cúirteanna leadóige, agus cuairteoirí rialta.

Sa bhliain 1929, ghlac siad le cuireadh ó cháirde le bheith i láthair ag iubhaile caoga bliain i gCnoc Mhuire chun Taispeánadh na Maighdine Muire (1879) a cheiliúradh. D'fhógair Ardeaspag Thuama nár chóir don tslua a bhí bailithe ceapadh go raibh aitheantas oifigiúil á thabhairt aige don Taispeánadh a tharla leathchéad bliain roimhe sin.

Ní raibh cinneadh déanta ag an Eaglais i dtaobh an Tasipeánta, agus níor éirigh leis an 1ú Coimisiún Fiosraithe a dhein iniúchadh sa scéal a dheimhniú gur tharla sé. Baineadh siar Judy agus Liam agus nuair a thugadar cuairt ar Lourdes sa bhliain 1934 thosaigh siad á chur i gcomparáid le Cnoc Mhuire. Chuaigh an bheannacht laethúil a tugadh do na heasláin i bhfeidhm go mór ar mhuintir Coyne.

'Each day we joined in the huge procession… and as we did so, we asked ourselves again and again why we were not seeing the same thing happening in Knock…...A strange feeling of a need to do something to promote it began to nag at both my husband and myself, and there was no getting rid of it.'

(Providence, my Guide, Judy Coyne, 2004)

Rinne sí beart de réir a briathair agus sar i bhfad bhí Judy Coyne dírithe ar Chnoc Mhuire a chur chun cinn. Siar sna 1930í, mhúscail sí féin, maraon lena fear céille, athbheochan suime i scrín Chnoc Mhuire, scrín a bhí ligthe i ndearmad agus lean siad leis an obair go dtí go raibh cáil dhomhanda ar scrín Chnoc Mhuire, mar atá inniu. Bhunaigh siad Cumann um Fhorbairt Scrín Chnoc Mhuire (Cumann Scrín Chnoc Mhuire mar a thugtar air inniu), sa bhliain 1935. Thaisteal siad ó cheann ceann na tíre ag dáileadh bileoga i measc scoileanna agus clochair na tíre. Thugadar léachtanna chun an scrín a chur chun cinn. Scríobhadh leabhair agus bhunaigh Judy Bliainiris Scrín Chnoc Mhuire. Bunaíodh na Cumhail Mhuire agus na Giollaí Mhuire a chuidigh le Judy agus í i mbun a cuid oibre, agus tháinig méadú ar an dá eagraíocht sin thar tréimhse ama.

D'fhógair Cumann Staonairí Bhaile Átha Cliath i lár na 1950í go raibh i gceist acu oilithreacht a dhéanamh go Cnoc Mhuire, agus d'iarr siad ar Judy cuidiú leis an oilithreacht. Ní bhfuair Judy mórán tacaíochta ón sagart paróiste agus chuir Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcoinne na hoilithreachta - 'The roads couldn't take them' 'Every tractor in the county would be pulling the cars out of the ditches.' Ach tháinig na staonairí - 50,000 acu, d'aineoinn na ngearán. D'éirigh ar fheabhas leis an oilithreacht, bíodh is nach raibh cuisneoirí ná uisce reatha féin ann san am sin. Ní fheicfí a leithéid arís go dtiocfadh an Pápa.
Agus í ag obair i gCnoc Mhuire chuir Judy agallamh ar fhinnéithe an Taispeánta. Bhí lámh aici i gcruthú na leigheanna a bhí mar chuid den Dara Coimisiún Fiosraithe. I mbliain Mhuire na bliana 1954, thug Judy na Cumhail agus na Giollaí go dtí an Róimh agus bhí sí i láthair nuair a bheannaigh an Pápa Pius XII Meirge Chnoc Mhuire. 'The first privilege the Vatican gave to Knock Shrine'.

Thug sí aghaidh ar an Iodáil arís sna 1960í chun comhairle a thabhairt don Ollamh Lorenzo Ferri, an dealbhóir a bhí chun dealbha den Taispeánadh a dhéanamh d'eaglais Chnoc Mhuire. Nuair a léigh sí gur thug an Pápa cuairt ar an Talamh Naofa sa bhlian 1964, bheartaigh sí go mba chóir dó cuairt a thabhairt ar Éire, agus go háirithe ar Chnoc Mhuire. Uaidh sin amach thosaigh sí ag díriú ar chomóradh céad bliain an Tasipeánta (1979), agus brú á chur aici ar an gCanónach Horan agus ar na hArdeaspaig an Pápa a thabhairt go Cnoc Mhuire. Tá a fhios ag an domhan is a mháthair cad a tharla.

Scéal banlaoch a insítear sa Cogar seo, ceannródaí a raibh fís aici, bean nár chaill misneach riamh ainneoin na ndeacrachtaí go léir a bhí roimpi.

 

Cogar - Dáma Chnoc Mhuire
Léiriú de chuid Esras le haghaidh TG4
Léirithe & Stiúraithe ag Mary Brophy
Duartion: 26 mins

Tuille eolais/ Radharcanna léiriúcháin:
Esras Films on 01- 2881939
Mary Brophy: 01- 2881939

Esras Films Ltd,
43 Mount Merrion Avenue,
Blackrock,
Co. Dublin.

PROVIDENCE MY GUIDE

Providence My Guide
The heroic force in the Knock Shrine story
Author: Kennedy, Ethna
ISBN 9781856354349
Paperback
Mercier Press

Contact Mercier Press Ltd. Douglas Village, Cork, Ireland
(T) +353 -21 - 489 9858
(F) +353- 21 - 489 9887
info@mercierpress.ie
www.mercierpress.ie